Beinn Rothach
Is éard is Beinn Rothach ann ná sliabh in Albain le hairde os cionn 3,000 troith (914.4 m). Tá siad ainmnithe i ndiaidh an Tiarna Eóghain Mac an Rothaich (Béarla: Sir Hugh Munro,(1856-1919), an 4ú Bairnéad Lindertis a chuir an chéad liosta de na cnoic den sórt sin le chéile , ar a dtugtar 'Táblaí an Rothaich' nó 'Munro's Tables', sa bhliain 1891.
Is éard is Barr Rothach ann ná sliabh atá os cionn 3,000 troith nach bhfuil aitheanta mar sliabh ar leith. De réir an leasaithe ar na táblaí a bhí déanta sa bhliain 2009, agus a d'fhoilsigh 'Club Sléibhteoireachta na hAlban' (Béarla: The Scottish Mountaineering Club) tá 283 Binn Rothach agus 227 Barr Rothach ann. Is í Beinn Nibheis an bhinn Rothach is iomráití, agus an sliabh is airde sna hOileáin Bhriotanacha, le airde de 1,344 méadar (4,409 tr.)
Aithníonn dreapadóirí na Beanna Rothacha mar sléibhte dúshlánacha, go háirithe sa Gheimhreadh nuair a bhíonn líon na mbásanna a thuairisciú gach bliain. Mar sin féin, tá cleachtas coitianta i measc dreapadóirí agus siúlóirí na sléibhte, sé sin "Munro Bagging", agus an aidhm a bhíonn leis ná gach ceann de na Beanna Rothacha atá liostaithe a dhreapadh. Sa bhliain 2009, tuairiscíodh go raibh níos mó ná 4,000 a d'éirigh leo an éacht a bhaint amach. Ba é Hamish Brown an chéad duine a dhreap na beanna uilig i mbabhta leanúnach sa bhliain 1974. Is é Stephen Pyke a shealbhaíonn an churiarracht don bhabhta is tapúla leanúnach, babhta a rinne sé sa bhliain 2010 faoi bhun 40 lá.